An Cat uasal(Alt don Avondhu Press 24ú D.Fr 2019)

Cloisim an seanfhocal sin go minic ag caitheamh anuas ar an gcat uasal agus miniú ina lár nach bhfuil grá nó meas ag an gcat bocht ar éinne ,seachas é/í féin…. “Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán”. Bhuel anois tá trua agam don ainmhí céanna atá cráite ag éisteacht leis an gcaint droch-mheastúil sin siar na blianta. Cuir sin i gcomparáid le meas agus scéalta faoi bhuanna phearsanta an mhadra uasail…”Cara buan go deo duit do mhadra dhílis”. Bhí alt ana dheas ag Risteárd Ó Coileán ar an Examiner ar an Luan leis an gceannlíne, “Cinnte, faoi dheireadh, go bhfuil báidh speisialta idir an cat agus an duine” D’árdaigh an ráiteas sin mo chroí agus croíthe na gCat ar fúd na tíre, tá súil agam. Dhean saineólaí bitheolaíochta (biology) in Ollscoil Oregon US, dian stáidéar ar shaol agus nádúr an chait; bhí sí ag faire ar an bpeata phiscín sínte sa chathaoir sona sásta agus conas mar a mhothaigh sé nuair a d’imigh bean a’ tí as radharc. Ní raibh sé ar a chompóird go dtí gur tháinig sí thar nais agus ansin thosnaigh an crónán agus eireaball in áirde le háthas. Bhuel, cruthaíonn sin go raibh an ceart agam ó thús agus anois, tá súil agam go bhfuil saol sona agus suaimhneas grámhar ag ‘máistir an tí’ an Cat uasal, as seo amach.
Eilís Uí Bhriain

This entry was posted in Cúpla Focal, Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>