Beidh beannachtaí na Nollag ag teacht tiubh te as seo amach sa Phost chugainn agus is breá sin in atmasfaer na Nollag. Is ag am mar seo a chloisimíd ónár gcáirde atá fada fánach uainn thar lear agus cuireann sé eirí-chroí ionainn gur smaoinigh siad cárta gleoite na Nollag a sheoladh inár dtreo in éineacht le nuacht clainne agus eachtraí na bliana atá tar éis druidim thart. Tugaim faoi ndeara go bhfui a lán cártaí Nollag as Gaeilge ins na siopaí anois, cuid acu dhá-theangach agus mar a deirim go minic… is deas an fuaim agus an binneas a ghabhann le beannachtaí na Gaeilge. Fuair mé ceann álainn anuraidh leis an nguí …”Go líontar do chroí le háthas na Nollag”. Líonfadh na focail sin do chroí le muinín, meas agus dea-mhéin na Nollag gan dabht ar bith.
Tá cártaí deasa curtha i gcló ag ‘Gaeilgeoirí Cois-Laoi’ leis an tsean-chló agus pictiuirí ‘Seandún’ ,Soilse Nollag ar Sráid Phádraig agus Ard-Eaglais Barra Naofa agus ní haon bhréag a rá ach go bhfuil siad go hálainn ar fad. Beidh siad á dhíol i gcúpla shiopa áitiula agus go háirithe i gCathair Chorcaí- is rud beag é chun Gaeilge a chur ar aghaidh agus í mhealladh isteach i gCeiliuradh na Nollag freisin. Beidh Cóisir na Nollag sr siúl ag an nGrúpa seo ar 12ú Nollaig in Óstán Vienna Woods agus fáilte roimh gach éinne-má tá ticéidí ó héinne cuir scéal chugam féin- bíonn oíche an-taithneamhach againn gach aon bhliain agus a lán scéalaíocht, ceol agus rince Gaelach tar éis dinnéir bhlasta agus Crannchur mór, galánta. Táimíd ag súil go mór leis an oiche chéanna agus tá súil agam go mbeidh an aimsir tar éis bogadh beagáinín i gceann seachtain nó dhó
Ar scáth a chéile a mhairimídne agus is deas, cáirdiúil an comhluadar atá i measc an ghrúpa bríomhar seo “Gaeilgeoirí Cois-Laoi” atá ag baint taithneamh thar bharr as teacht le chéile san Óstán Clarion gachra Luan, fáilte roimh cách….
Beannachtaí na Nollag
This entry was posted in Cúpla Focal. Bookmark the permalink.

An mhaith!