Bliain urnua 2019…

Sea cuirimíd céad míle fáilte roimh bliain nua, cothrom na bliana 2009 nuair a bhí Gaeilgeoirí Cois Laoi seolta go hoifigiúil in Óstán Clarion, Corcaigh agus aoinna speisialta mar Seán Óg Ó hAilpín agus Brenda Ní Shúilleabháin TG4 inár gcomhluadar don ócáid. Is deas go bhfuilimíd beo agus beomhar mar chiorcal as sin amach agus tá cuid des na baill a tháinig chugainn ar an gcéad oíche, fós ag freastal agus chomh cainteach, níos líofa ná mar a bhí siad riamh san TEACHT-LE-CHÉILE rialta, sóisialta seo. Cuirimíd an cheist ó am go ham… cad é an ‘draíocht’ speisialta atá i gcroílár an chiorcail seo mar ní bhuailfeá go ró-mhinic le daoine chomh séimh, croíúil, cáirdiúil, greannmhar agus atá i measc an ghrúpa seo agus gach aon bhall nua a nascann linn, tá bua na scéalaíochta acu agus gan dabht, ‘sé grá don chúpla focal in atmaisfeár sóisialta a mheallann iadsan.
Bhí orainn slán a fhágáil le daoine a d’eirigh breoite, cuid acu a chuaigh isteach sa teach altranais, cuid atá imithe ar shlí na fírinne ach ní dhéanaimíd dearmad riamh orthu. Bíonn ana ‘cip-o-do reel’ ar siúl i rith an tSamhraidh nuair a bhíonn cluichí CLG ar siúl agus na Déisigh ag caitheamh anuas, mar dhea, ar Chorcaigh, moltaí ó mhuintir An Chláir do himreoirí Thiobraid Árainn; ansin pléitear todhchaí peile i gCorcaigh le muintir Chiarraí, Ríocht na peile agus bíonn spórt an lae eadrainn cinnte
Táimíd ar ais san Óstán Clarion don ath-bhliain ón 7ú lá Eanair 8 i.n., agus gach coícís ar an Luan as sin amach; fáilte is fiche roimg gach éinne. Eolas breise 087/ 1235203

This entry was posted in Cúpla Focal, Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>