Ciorcail cainte, croí na Gaeilge!

Tá ciorcail na Gaeilge ag obair ar fúd na tíre agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá mar deireann daoine atá ag freastal orthu, go mbraitheann siad ar na huaireannta rialta sin gach seachtain chun a gcuid gaeilge a choimeád beo agus cleachtadh a dhéanamh i measc na ngrúpaí. Tá Gaeilgeoirí Cois Laoi ag dul ar aghaidh go láidir ó 2009 agus baill nua ag bualadh isteach gan stad agus táimíd sasta go mbaineann siad taithneamh as an gcómhrá agus an comhluadar i dteannta a chéile. Bhí ceiliuradh againn an bhliain seo caite ag comóradh 10 mbliana ar an bhfód in Óstán Clarion Clayton. Caithimíd bheith buíoch don Óstán seo atá ana mhaith dúinn agus mar adúirt ball fóirne dom oíche amháin “Anois is cuid de phacáiste an Clarion sibh gachra Luan!” (We’re part of the Hotel furniture at this stage, every second Monday!”
Bíonn ócáidí sóisialta, chultúir againn go rialta agus tá ár gceoltóirí, Amhránaithe den scoth againn agus bainimíd an taithneamh as. Beidh an chéad ciorcal eile againn ar an Luan 17ú Feabhra (gachra Luan ina dhiaidh sin) 8pm agus fáilte isteach roimh gach éinne.

This entry was posted in Cúpla Focal, Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>