Ciorcal ar Zoom i rith Covid 19!

Mar a deireann gach éinne, is ait, neamhghnáthach atá cúrsaí na laethanta seo ach caithimíd bheith foighneach agus leanúint ar aghaidh agus táimíd beo fós buíochas le Dia. Is iontach an córas é Zoom cé nach n-oireann sé le gach éinne agus bíonn fadhbanna le Leathanbhanda ag daoine chomh maith agus nílid ábalta díriú isteach air. Tá a lán ciorcail ag dul ar aghaidh agus i dteagmhail lena chéile agus tá G.Cois Laoi ar líne gach Luan 8pm. Bímid ag roinnt scéalta, eachtraí greannmhara a tharla agus gan dabht, eachtraí brónacha freisin faoin mhéid daoine a fuair bás i rith na haicíde uafásaigh seo. Tá Oifigeach páirt-aimsire nua, Pat Ó Briain, ag obair le Gaeltaca agus ag tabhairt comhairle agus tacaíochta do dhaoine faoi Zoom agus ag eagrú ócáidí maidir le haoínna speisialta ar Zoom. h
Bhí an Rúiseach,Dr. Victor Bayda, oifigeach forbartha sa Ghaeltacht in Uibh Rábhach, Ciarraí Theas linn le déanaí agus chaith sé dhé uair ag caint is ag cómhrá faoina shlí bheatha urnua sa tír seo agus staid na Gaeilge, fíor-shuimiúil ar fad. Bhí Brenda Ní Shúilleabháin ón gclár iontach sin darbh ainm “Bibeanna” ar Tg4 mar aoi seachtain eile agus d’éisteófá an lá ar fad le scéalta Bhrenda faoi na himircigh ón nGaeltacht fadó go hAmerica. Bhí Eoin Warner ón chlár timpeallachta sin “Éire Fhiain” TG4 ar Zoom linn inné (5ú Meitheamh) agus thaispeáin sé físeanna galánta, saibhre dúinn ó shraith a chraoladh anuraidh ar TG4 faoina héin,ainmhithe fiáine maidir le taifead dochreidthe a bhí déanta ag Eoin…chuir sé an lucht féachana faoi draíocht leis na radharcann difriúla.
Sinn mar atá ag dul ar aghaidh againn faoi láthair agus ag baint an-taithnimh as na taispeantaisí seo. Má tá suim ag éinne díriú ar na léachtaí seo cuir Ríomhphost chuig eolas@gaeltaca.ie nó teacs chuig 087/1235203 agus seolfaidh mé an nasc chughat. Fáilte romhat agus tabhair eile le chéile. Eilís

This entry was posted in Imeachtaí, Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>