Cómhrá 24/7 le Conradh na gaeilge

Ghlac 90 Grúpaí Ghaeilge páirt san Tionscnamh Nua seo a bhí eagraithe ag CnaG ar feadh seachtaine,ag críochnú 5ú Deireadh Fomhair 2013. Ghlac Gaeilgeoirí Cois laoi páirt i gCómhrá (uair a chloig) ar 4ú D.Fr agus bhí nasc eagraithe ar an idirlíon a lig dos na grúpaí eile dul isteach ag éisteacht leis an gCómhrá. Bhain na baill taithneamh as agus bhí siad ag stealladh cainte gan stad agus a scéal fhéin ,scéal ghach éinne…

 

This entry was posted in Nuacht. Bookmark the permalink.

One Response to Cómhrá 24/7 le Conradh na gaeilge

  1. Eilis says:

    Leabhar Nua-foilsithe ag Seán Óg Ó hAilpín:
    Mar is eol díbhse, b’é an laoch agus duine uasal Sean ÓG a sheol “Gaeilgeoirí Cois Laoi” Márta 2009 agus ana phríbhléid dúinn Seán a bheith linn,mar ghrúpa nua ar an saol ag an am sin. Bhí áthas orainn bheith i láthair ag seoladh a leabhar fhéin ar an Mhairt seo caite (5ú Samhain 2013) i Siopa Waterstones,Corcaigh agus slua mór ag éisteacht leis agus an aoi-speisialta eile Eamonn Dunphy.
    Labhair Seán Óg as Ghaeilge i dtosach agus deireadh a léachta agus faoi mar a dhéan sé amhlaidh mar Chaptaen Chorcaí, le Corn Uí Chárthaigh i bPairc A’ Chróchaigh -nach bhfuil ard-mholadh tuillte aige mar “chrann seasta” na Gaeilge.
    Tá am ag an laoch seo do ghach éinne, og agus sean agus is annamh a feictear an tréith sin,atá mar bhua buan aige pé áit a théann sé.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>