Bhí Dr. Eugene Egan ag caint le Gaeilgeoirí Cois Laoi coicís o shin (Aibreán 2016) agus cuireadh fáilte is fiche roimhe san Óstán Clarion. Bhí slua mór i láthair ag éisteacht le hEoin ag cainta faoina shaol agus obair chruaidh,ach fíor-shuimiúil, i dtíortha i gcéin. Chaith sé a lán dá shaol mar dhochtúir in Ethiopia agus áiteanna éagsúla ar fúd na hAifrice agus dhean sé cur-síos ana spéisiúil ar na heachtraí éagsula a tharla dó ag iarraidh cabhrú le daoine ana bhreoite agus an dáinsear a bhain lena shlí bheatha ó am go ham. Bhí Eoghan an-tógtha leis an gciorcal seo agus go raibh a leithéid le fáil ann go rialta! Buailfidh sé isteach orainn anois is aris nuair atá sos aige ó bheith ag taisteal ó Chontae go Contae ag obair go dian fós.
