Fáilte isteach! Bliain urnua le Gaeilgeoirí Cois Laoi:

Leanamar ar aghaidh lenár gCiorcal i rith an tSamhraidh agus ba léir go raibh na daoine a d’fhreastal lánsásta mar is minic a bhíonn deireadh le hócáidí gaelacha i rith an tSamhraidh agus bíonn aicme áirithe ag faire amach d’Ócáidí chun bailiú le chéile agus cúpla focal a labhairt. Chonaic mé an clár iontach sin ar TG4 darbh ainm ‘Seal le Daithí’ agus cuirtear ionadh ort ag éisteacht leis an Rúiseach, Victor Bayda ag spalpadh Gaeilge le Daithi. Is léir gur “scoláire teangan” an fear seo mar tá sé cailithe i dteangacha eagsúla agus seans aige díriú isteach ar a leithéidí, molaim é mar taispeánann sé go bhfuil suim doimhin aige i dteanga na Gaeilge agus líofacht, blas na Gaeltachta ar a thoil aige.
Dúirt Victor go bhfuil ionadh air nach núsaideann láithreoirí ar chláracha in RTÉ níos mó Gaeilge, atá már theanga Naisiunta, Eorpa, cúpla focal fiú amháin, ag tús agus deireadh an chláir. Ceapaim féin gur cheart go mbeadh níós mó de thionnchur ag Gaelscoileanna ar úsáid na teangan lasmuigh d’fhallaí na scoile; níl na daltaí ag teacht amach ón nGaelscoil, le cloisint in áiteanna ar aon nós, ag labhairt focal na Gaeilge le chéile nó ar an mbus nó ar an tsráid, ag líonadh málaí na gcustaméirí san ollmhargadh, le suaimheantas an Gaeilge ar a gcótaí agus ag mealladh Gaeilge a bheith mar chómhrá. Tá an ‘clout’ ag na Gaelscoileanna chun Gaeilge a scaipeadh ach…

This entry was posted in Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>