A Chara,
Bím ag éisteacht le díospóireachtaí agus argóintí ar son agus i gcoinne na Gaeilge maidir leí mar ábhar ar chúrsa na hÁrdteiste agus tuigim an dá thaobh. Táim féin ag saothru ar son na gaeilge gan stad, agus tá grá don teanga Náisiunta go láidir im’ chroí, bím ag plé le forbairt agus teagasc na Gaeilge ó lá go lá. Aontaím leis ‘an bpointe nua’ maidir leis an Ardteist mar creidim i bhfírinne an tseanfhocail …’Is féidir an capall a thabhairt chun uisce ach ní féidir iachall a chur air é a hól!’
Ceapaim gurbh é an díobháil ba mhó a tharla don Ghaeilge riamh ná gur ruaigeadh Sean-chló na teangan mar thóg sé carachtaer agus stíl speisialta a bhain le blas agus litríocht na gaeilge chun suim na ndaltaí scoile a mhealladh maidir le foghlam na Gaeilge. Feicim na deachrachtaí atá ag scoláirí ag foghlam Gaeilge agus cé gur ábhar fíor-álainn Í, ní haon dochar a rá gur ábhar casta go leor le foghlaim Í.
Creidim gur fearr é a bheith mar rogha an dalta,seachas mar abhar riachtanach agus creidim chomh maith, go bhfuil an-suim agus grá ag alán daoine óga don Ghaeilge agus gur cheart Scéim a chur i bhfeidhm san Roinn Oideachais,Gaeltachta a mheallfadh scoláirí leanúint ar aghaidh le hábhar na Gaeilge. Feicim daltaí ag obair go cruaidh le haghaidh Scrúdú Béil (Múinteoireachta) agus caighdeán an-íseal ach,go bhfóra Dia orthu agus bím beagáinín imníoch faoi chaighdeán na Gaeilge san tseomra ranga ina dhiaidh, nuair atá deachrachtaí ag na múinteoirí. Táim ag moladh gan stad gur cheart múinteoir le cáilíocht in ábhar na Gaeilge (Céim Ónórach mar shampla) a bheith ar an bhfoireann sa bhun-scoil ag déileail speisialta le hoiliuint na teangan náisiunta.
Mholfainn bónas a hofráil don dalta,mac-léinn a thoghfadh Gaeilge mar abhar san dara Léibheal agus ba cheart an t-eolas sin a bheith ar Chlár na Meán-Scoile ag tosnú leis an gcéad bhliain. Ba mhór an gríosú,spreagadh dá mbeadh pointí breise mar luach saothair agus aitheantas don scoláire a gheobhadh marcanna árda san Árdteist agus bheadh caighdeán B,ar a laghad riachtanach le haghaidh múinteoireachta. Sin iad mo mholtaí maidir le caomhnú na Gaeilge mar ábhar speisialta agus creidim go mbeadh struchtúr agus spiorad i bhfad níos dáiríre agus níos bríomhaire ag gabháil le hoiliúint na Teangan agus daltaí oillte i slí éifeachtach,gan aon bhrú curtha orthu.
Mol an Óige agus tiocfaidh sí… Meall mic-leinn na gaeilge agus oibreoidh siad…
Mise le meas
Eilís Uí Bhriain
Fine Gael agus an Ghaeilge
This entry was posted in Cúpla Focal. Bookmark the permalink.
