Gaeilgeoirí Cois Laoi bunaithe 2009.

Is iontach go bhfuil an Ciorcal seo ag dul ar aghaidh go deas, cáirdiúil i dteannta a chéile le ocht mbliana anois; baill nua ag teacht agus baill eile ag scarúint de bharr chúis amháin nó cúis eile, Is cúis bhróin ollmhór dúinn go bhfuair Tadhg Ó Murchú bás tar éis na Nollag seo caite agus cailliúint mor é dá chlann agus dúinne. Bhíomar ana bhrónach ina dhiaidh mar bhain Tadhg sult agus súp as gach ócáid ghaelach agus níor bhuail mé leis riamh nach raibh smaoineamh urnua aige fa chúrsaí na Gaeilge, nó leabhar nua a cheannaigh sé agus é réidh an scéal a roinnt linn.Tá Rita Uí Mhurchú agus Eibhlín as láthair le tamall chomh maith de bharr a sláinte agus tá Rita i dteach Altranais le cúpla mhí agus í lántsásta leí féin ann agus an sláinte go maith aici anois.
Bhí cúpla ócáid shuimiúil eagraithe againn le déanaí mar shampla léacht ó Scott Monaghan UCC faoina chuid oibre mar innealtóir, filíocht (Seán Ó duibhir A’ Ghleanna le Pádraig Ó cinnéide agus a lán ócáidí eile a bhailigh grúpaí eile isteach linn

This entry was posted in Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>