“Gaelsceal” ár nuachtán Náisiunta faoi ionsaí?

Tá gach Nuachtán ag dul ‘digital’ ach is buille marfach na muice é don Ghaeilge i measc an ghnáthpobail,má chuirtear deireadh le léitheoireacht seachtainiúil na Gaeilge. Chailleamar ‘SAOL’ don chóras digiteach,bhí “Lá” imithe cheana, lean FOINSE an bóthar céanna ach tá creatlach den nuachtán sin istigh san Irish Independent-moladh árd tuillte ag Irish Indo don ghar sin faoi chás na Gaeilge.
Anois léimíd go bhfuil baol ann faoi Iris seachtanúil deireannach “GAELSCÉAL” agus go mbeidh seilfeanna na siopaí Nuachtán lom,nocht ó Pháipéar Ghaeilge d’aon saghas. Ochón Ochón cad a dhéanaimíd feasta gan léitheoireacht ar bith as Ghaeilge chun cúpla focal a scaipeadh san chómhrá agus caidreamh istigh i gcroí an Chiorcail.
Níl ríomhaire ná nasc idirlíne ag gach éinne agus níl an sásamh céanna le fáil ón scáileán,sílim ná seans foghlamtha,ach oiread
Tá súil agam go mbeidh athrú aigne ag na hÚdaráis atá taobh thiar des na phleananna seo faoi ‘Gaelscéal’agus go mbreacfaidh sé orthu an damáiste a dhéanfaí, maidir le léamh,labhairt agus litríocht na Gaeilge, de thoradh athrú den tsaghas sin
Eilís Uí Bhr

This entry was posted in Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>