Nochtann grá gnaoi

Tá na polaiteoirí agus an gnáth duine ag siúl na sráide, ag caint faoin gCúlú Eacnamaíochta agus chloisfeá cogar maidir le Suirbhé anseo is ansiúd faoi ghearradh-siar ar rudaí i gcoitinne chun dul i ngleic leis an nganntanas airgid. ‘Ní bheidh einne ag dul amach as an tír i mbliana ambaist ag siopadóireacht le haghaidh na Nollag i Nua Eabhrach ná Londain,mar níl an t-airgead sa sparán’ deireann daoine áirithe atá imníoch faoi staid eacnamaíochta na hÉireann agus is dócha go bhfuil an ceart acu i ndáiríre. Faighim féin riomhpost anois is arís gach aon Samhradh,ag cur ceiste … “An bhfuil suim agat agus ag do chlann bheith sasta fanacht i dTír na hÉireann i mbliana le haghaidh do laethanta saoire?” Nil aon ghá leis an gceist sin domsa mar pé gearradh-siar ar chúrsaí airgid atá ag tarlú, níl mise ag bogadh ró-fhada ó thir álainn na hÉireann ambaist! Níl leath den tír seo feicthe agam fós agus tá sé ar intinn agam díriú isteach ar sin na blianta atá romham. Ba mhaith liom ó chroí cúpla lá a chaitheamh ag tógaint isteach draíocht agus áilleacht sainiúil na n-Oileán, Árann Tóraí agus araile , taim scúite chun cos a leagadh ar an Bhlascaod agus siúl timpeall dúthaigh Pheig Sayers. Cad mar gheall ar Chonamara agus Muigheo atá ag síneadh go mealltach aniar aduaidh ón Chlár agus Cósta Chiarraí? Tá na dúthai uile seo in iomaíocht lena chéile maidir le hiontas, suaimhneas agus ailleacht Neamhai. Sea, táim im’ shui anois ar stól ag féachaint amach ar shuaimhneas agus fior-ailleacht atá ag lonnradh chugham ó Bhá Dhúnmánais in Iarthar Chorcaí agus ní féidir a chomparáid a fháil ar imeall an domhain, dar an Leabhar.
Is minic a bhím im’ shuí ar mo chorragiob ag féachaint amach ar áilleacht a ghabhann le Bá Dunmanus agus sa trathnóna, breacann sé orm go bhfuil ‘Lampa na Spéire’ ag dul faoi agus gathanna órga ag lonnradh ó Chnoc Gabriel cosúil le brat sciamhach,speiriúil scaipthe timpeall ar na ghleannta ghlasa agus moinéir fothainiúla atá thuas uaim. Tugann sé sin draíocht agus beocht breise don bhfís atá ós mo chomhair. Seo an ait inar rugadh agus túgadh mé. Seo an áit a chaith mé féin agus mo dhearthar, dheirfiuracha na laethanta soineanta,beomhara, sportúla i dteannta a cheile go deas sochair suaimhneach agus ní raibh fhios againn go rabhamar in áit chomh hálainn sin mar ní raibh fios a mhalairt againn. Tá an t-ádh liom go bhfuil an príbhléid agam filleadh ar ais agus failte ó am go ham agus deirimse leat go bhfuil leigheas do ghach aon phian le fáil ó dhraíocht na háite seo. Dá mbeadh bua na filíochta agam a chairde bheinn ag cumadh chúpla bhéarsa ag moladh dibhse bheith im’ theannta anseo ach is docha go mbeadh amhras ar dhaoine áirithe faoim’ fhocail mhealltacha!!! Bhuel caithfidh tu é a fheiscint chun é a chreidiúint agus taithneamh a bhaint as a chairde… Is dócha go ndearfaidh sibh go bhfuil beagáinin ‘Eirí-in-áirde’ ar ghach mhadra ag doras a Thí fhéin!!!
Go mbaine sibh sult agus sásamh as an Nollaig agus an bhliain Nua atá timpeall an chúinne orainn…

This entry was posted in Cúpla Focal. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>