Nuacht is déanai ó Ghaeilgeoirí Cois-Laoi”

Dia dhíbh a cháirde,
Bunaíodh ar nGrúpa Márta 2009 agus is cúis áthais dom a chur in iúl díbh go bhfuilimid le chéile fós le spiorad,neart agus cairdeas agus ag bailiú i gciorcal deas, aoibhinn gachra Luan insan Óstán Clarion, (Lapps Quay) Corcaigh.Taimíd ag dul ó neart go neart agus cuireann sé eirí-chroí agus ionadh orm, i ndáiríre, faoin mhéid daoine a bhfuil suim acu teacht agus fanacht inár gcomhluadar gach seisiúin a bhíonn eagraithe. Is Ciorcal sóisialta atá ann ach deinimíd ár ndícheall Gaeilge labhartha a chur chun cinn gach aon sheans a thagann inár dtreo. Is minic a fhaighim féin glaoch ó TG4 chun daoine áirithe a fháil le haghaidh Agallamh éigin… an ceann is déanaí “Mo Ghrá Gheal” la Caoimhe TG4 agus ghlac beirt ón gCiorcal páirt san chlár-ana spórt acu ag bualadh leis na hiomaitheoirí eile in Óstán Metropole,Corcaigh 30ú MeanFomhair 2011.
Bhí Oíche Chultúra againn san ‘Flying Enterprise Bar’ Corcaigh 24ú Mean Fomhair agus an-oíche le ceol,amhránaíocht agus scéalaíocht -bhí béile deas againn,ár mbuíochas don bhainisteoir cneasta, Donncha!
Bíonn Deireadh seachtaine sóisialta againn gach Samhradh agus chuamar go Beanntraí i mbliana(6ú Lunasa 2011) chuig Óstán Ouvane -bhí Dinnéar álainn agus oíche ghaelach eagraithe agus ceol iontach ar feadh cúpla uair. Ar an Domhnach, chuamar ar thuras fíor-aoibhinn go hOileán faoide (Whiddy) agus chríochnaíomar in Óstán Maritime ag bualadh leis na Gaeilgeoirí áitiula-. Bhaineamar an-taithneamh as an dturas seo agus tá gach éinne ag súil leis an gcead ócáid eile ambaist!
Is deas cáirdiúil scéaltach iad gach ball den ghrúpa seo agus is iontach an cáirdeas atá eatarthu agus an sport a bhíonn againn sa Chiorcal ar feadh beagnach 3 uaire gach coícís. Bíonn sceal de shaghas éigin nó plé faoi chúrsaí spóirt,polaitíochta nó cursaí reatha i gcoitinne agus cead-cainte ag gach éinne agus fáilte! Bhí gá leis an tsaghas Bhunú seo sa Chathair maidir le Gaeilge labhartha agus cuirimíd fáilte is fiche roimh cách.
Is mise Eilís (Timire)
Mo Ríomhpost: eilisnibhriain@hotmail.com

This entry was posted in Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>