Gaeil Laoi

Seachtain na Gaeilge 2012
Beidh Eoghan Mac Dhiarmada ó RTÉ “The Voice” agus Pop TG4 ag teacht mar aoi speisialta don Ghrúpa “Cois Laoi” ar an Luan,5úMárta ag cur tus le Seachtain na Gaeilge agus beidh oíche litríochta agus ceoil againn san Óstán Clarion ag 8pm

Tráth na gCeist -sin ár n-ócáid mhór bhliaintiúil ag tarlú san Clario ar 16ú Márta 7pm- Ceisteanna dhá-theangach a bheidh againn agus fáilte is fiche roimh gach éinne ar an oíche Gach eolas breise ó eilís     eilisnibhriain@hotmail.com

Coisir na Nollag 2011
Bhi sár-oiche shóisialta ag an ngrúpa insan Óstán Clarion ,Corcaigh ar 19u Nollaig(2011) agus árd-mholadh do fhoireann an Óstáin, a chuir fáilte ollmhór romhainn le seomra maisithe na Nollag agus dóthain fíon ‘mulled’ ag an ndoras ambaist! dinnéar álainn ar fad agus an-spórt againn go léir. Thosaigh seisiúin ceoil ina dhiaidh a lean ar feadh chúpla uair- Crannchur ag deireadh agus a thuilleadh amhránaíocht agus scéalaíocht. Oíche na noicheannta a bhí ann ó thús deireadh.

Dlúth-dhiosca “Gaeilgeoirí Cois Laoi”
Ba mhaith linn mar ghrúpa na Gaeilge i gCathair Chorcaí, teacht le chéile chun talann an Ghrúpa a bhailiú le haghaidh ‘CD’ dár gcuid féin a sheoladh ar an saol. Tá Scéalaí, amhránaithe agus ceoltóirí den scoth inár measc. Seineann Breandán an Piano, Muiris ar an ‘Guitar’ agus orgáin bhéil, Tadhg ag canadh agus ag seinnt ‘guitar’ freisin- Cáit  mar fhile,Eibhlín ag canadh agus go leor leor eile.

Sin an chéad tionscnamh eile ach cosnaíonn sé a lán airgid agus caithimíd bheith foighneach agus beagáinín taighde a dhéanamh faoi mar a rachaimíd ar aghaidh san tionscnamh seo.

Má tá tuairim ag éinne faoi……????

Nuacht is déanai ó Ghaeilgeoirí Cois-Laoi”
Dia dhíbh a cháirde,

Bunaíodh ar nGrúpa Márta 2009 agus is cúis áthais dom a chur in iúl díbh go bhfuilimid le chéile fós le spiorad,neart agus cairdeas agus ag bailiú i gciorcal deas, aoibhinn gachra Luan insan Óstán Clarion, (Lapps Quay) Corcaigh.Taimíd ag dul ó neart go neart agus cuireann sé eirí-chroí agus ionadh orm, i ndáiríre, faoin mhéid daoine a bhfuil suim acu teacht agus fanacht inár gcomhluadar gach seisiúin a bhíonn eagraithe. Is Ciorcal sóisialta atá ann ach deinimíd ár ndícheall Gaeilge labhartha a chur chun cinn gach aon sheans a thagann inár dtreo. Is minic a fhaighim féin glaoch ó TG4 chun daoine áirithe a fháil le haghaidh Agallamh éigin… an ceann is déanaí “Mo Ghrá Gheal” la Caoimhe TG4 agus ghlac beirt ón gCiorcal páirt san chlár-ana spórt acu ag bualadh leis na hiomaitheoirí eile in Óstán Metropole,Corcaigh 30ú MeanFomhair 2011.

Bhí Oíche Chultúra againn san ‘Flying Enterprise Bar’ Corcaigh 24ú Mean Fomhair agus an-oíche le ceol,amhránaíocht agus scéalaíocht -bhí béile deas againn,ár mbuíochas don bhainisteoir cneasta, Donncha!

Bíonn Deireadh seachtaine sóisialta againn gach Samhradh agus chuamar go Beanntraí i mbliana(6ú Lunasa 2011) chuig Óstán Ouvane -bhí Dinnéar álainn agus oíche ghaelach eagraithe agus ceol iontach ar feadh cúpla uair. Ar an Domhnach, chuamar ar thuras fíor-aoibhinn go hOileán faoide (Whiddy) agus chríochnaíomar in Óstán Maritime ag bualadh leis na Gaeilgeoirí áitiula-. Bhaineamar an-taithneamh as an dturas seo agus tá gach éinne ag súil leis an gcead ócáid eile ambaist!

Is deas cáirdiúil scéaltach iad gach ball den ghrúpa seo agus is iontach an cáirdeas atá eatarthu agus an sport a bhíonn againn sa Chiorcal ar feadh beagnach 3 uaire gach coícís. Bíonn sceal de shaghas éigin nó plé faoi chúrsaí spóirt,polaitíochta nó cursaí reatha i gcoitinne agus cead-cainte ag gach éinne agus fáilte! Bhí gá leis an tsaghas Bhunú seo sa Chathair maidir le Gaeilge labhartha agus cuirimíd fáilte is fiche roimh cách.

Is mise Eilís (Timire)

Mo Ríomhpost:  eilisnibhriain@hotmail.com

Nochtann grá gnaoi
Tá na polaiteoirí agus an gnáth duine ag siúl na sráide, ag caint faoin gCúlú Eacnamaíochta agus chloisfeá cogar maidir le Suirbhé anseo is ansiúd faoi ghearradh-siar ar rudaí i gcoitinne chun dul i ngleic leis an nganntanas airgid. ‘Ní bheidh einne ag dul amach as an tír i mbliana ambaist ag siopadóireacht le haghaidh na Nollag i Nua Eabhrach ná Londain,mar níl an t-airgead sa sparán’ deireann daoine áirithe atá imníoch faoi staid eacnamaíochta na hÉireann agus is dócha go bhfuil an ceart acu i ndáiríre. Faighim féin riomhpost anois is arís gach aon Samhradh,ag cur ceiste … “An bhfuil suim agat agus ag do chlann bheith sasta fanacht i dTír na hÉireann i mbliana le haghaidh do laethanta saoire?”  Nil aon ghá leis an gceist sin domsa mar pé gearradh-siar ar chúrsaí airgid atá ag tarlú, níl mise ag bogadh ró-fhada ó thir álainn  na hÉireann ambaist! Níl leath den tír seo feicthe agam fós agus tá sé ar intinn agam díriú isteach ar sin na blianta atá romham. Ba mhaith liom ó chroí cúpla lá a chaitheamh ag tógaint isteach draíocht agus áilleacht sainiúil na n-Oileán, Árann Tóraí agus araile , taim scúite chun cos a leagadh ar an Bhlascaod agus siúl timpeall dúthaigh Pheig Sayers. Cad mar gheall ar Chonamara agus Muigheo atá ag síneadh go mealltach aniar aduaidh ón Chlár agus Cósta Chiarraí? Tá na dúthai uile seo in iomaíocht lena chéile maidir le hiontas, suaimhneas agus ailleacht Neamhai. Sea, táim im’ shui anois ar stól ag féachaint amach ar shuaimhneas agus fior-ailleacht atá ag lonnradh chugham ó Bhá Dhúnmánais in Iarthar Chorcaí agus ní féidir a chomparáid a fháil ar imeall an domhain, dar an Leabhar.

Is minic a bhím im’ shuí ar mo chorragiob ag féachaint amach ar áilleacht  a ghabhann le Bá Dunmanus agus sa trathnóna, breacann sé orm go bhfuil ‘Lampa na Spéire’ ag dul faoi agus gathanna órga ag lonnradh ó Chnoc Gabriel cosúil le  brat sciamhach,speiriúil scaipthe timpeall ar na ghleannta ghlasa agus moinéir fothainiúla atá thuas uaim. Tugann sé sin draíocht agus beocht breise don bhfís atá ós mo chomhair. Seo an ait inar rugadh agus túgadh mé. Seo an áit a chaith mé féin agus mo dhearthar, dheirfiuracha na laethanta soineanta,beomhara, sportúla i dteannta a cheile go deas sochair suaimhneach agus ní raibh fhios againn go rabhamar in áit chomh hálainn sin mar ní raibh fios a mhalairt againn. Tá an t-ádh liom go bhfuil an príbhléid agam filleadh ar ais agus failte ó am go ham agus deirimse leat go bhfuil leigheas do ghach aon phian le fáil ó dhraíocht na háite seo. Dá mbeadh bua na filíochta agam a chairde bheinn ag cumadh chúpla bhéarsa ag moladh dibhse bheith im’ theannta anseo ach is docha go mbeadh amhras ar dhaoine áirithe faoim’ fhocail mhealltacha!!! Bhuel caithfidh tu é a fheiscint chun é a chreidiúint agus taithneamh a bhaint as a chairde… Is dócha go ndearfaidh sibh go bhfuil beagáinin ‘Eirí-in-áirde’ ar ghach mhadra ag doras a Thí fhéin!!!

Go mbaine sibh sult agus sásamh as an Nollaig agus an bhliain Nua atá timpeall an chúinne orainn…

Tairiscint Specsavers(S na G)
Specsavers agus an Ghaeilge:

Tháinig Eoin Ó Fearghaíl ó Specsavers, Sráid Chúcha, Corcaigh isteach mar aoi speisialta chuig “Gaeilgeoirí Cois Laoi” oíche an Chiorcail san Óstán Clarion agus labhair se faoi rud iontach,nua a bhí mar thuairm aige chun Gaeilge a chur chun chinn maidir le Gnó Specsavers, i rith Seachtain na Gaeilge. Tá Specsavers ag tairiscint Scrúdú Súl saor in aisce (nó 10% as chostas na spéaclaí) d’éinne a dhéanann coinne tré Ghaeilge ó 5ú Márta- 17ú Márta 2011.Tugann Eoin cuireadh don phobal i gcoitinne glaoch a chur air fhéin 021/4272055 agus coinne a chur in áirithe le cúpla focal Gaeilge eatarthu sa chómhrá agus beidh do ghnó deanta maidir le húsáid agus ceiliuradh na teangan Náisiunta.

Molaim Specsavers agus Eoin féin an scéim nua seo a chur i bhfeidhm agus tá sé ag tabhairt dea-shampla do Ionaid Ghnó eile éacht breise a chur i gcrích la haghaidh ár dteanga Ghaelach- ní hamháin i rith Seachtain na Gaeilge ach aon am ar bith a oireann dóibh.

Tairiscint Specsavers le haghaidh Seachtain na GAEILGE 2011

Fine Gael agus an Ghaeilge
A Chara,

Bím ag éisteacht le díospóireachtaí agus argóintí ar son agus i gcoinne na Gaeilge maidir leí mar ábhar ar chúrsa na hÁrdteiste agus tuigim an dá thaobh. Táim féin ag saothru ar son na gaeilge gan stad, agus tá grá don teanga Náisiunta go láidir im’ chroí, bím ag plé le forbairt  agus teagasc na Gaeilge ó lá go lá. Aontaím leis ‘an bpointe nua’ maidir leis an Ardteist mar creidim i bhfírinne an tseanfhocail …’Is féidir an capall a thabhairt chun uisce ach ní féidir iachall a chur air é a hól!’

Ceapaim gurbh é an díobháil ba mhó a tharla don Ghaeilge riamh ná gur ruaigeadh Sean-chló na teangan mar thóg sé carachtaer agus stíl speisialta a bhain le blas agus litríocht na gaeilge chun suim na ndaltaí scoile a mhealladh maidir le foghlam na Gaeilge. Feicim na deachrachtaí atá ag scoláirí ag foghlam Gaeilge agus cé gur ábhar fíor-álainn Í, ní haon dochar a rá gur ábhar casta go leor le foghlaim Í.

Creidim gur fearr é a bheith mar rogha an dalta,seachas mar abhar riachtanach agus creidim chomh maith, go bhfuil an-suim agus grá ag alán daoine óga don Ghaeilge agus gur cheart Scéim a chur i bhfeidhm san Roinn Oideachais,Gaeltachta a mheallfadh scoláirí leanúint ar aghaidh le hábhar na Gaeilge. Feicim daltaí ag obair go cruaidh le haghaidh Scrúdú Béil (Múinteoireachta) agus caighdeán an-íseal ach,go bhfóra Dia orthu agus bím beagáinín imníoch faoi chaighdeán na Gaeilge san tseomra ranga ina dhiaidh, nuair atá deachrachtaí ag na múinteoirí. Táim ag moladh gan stad gur cheart múinteoir le cáilíocht in ábhar na Gaeilge (Céim Ónórach mar shampla) a bheith ar an bhfoireann sa bhun-scoil ag déileail speisialta le hoiliuint na teangan náisiunta.

Mholfainn bónas a hofráil don dalta,mac-léinn a thoghfadh Gaeilge mar abhar san dara Léibheal agus ba cheart an t-eolas sin a bheith ar Chlár na Meán-Scoile ag tosnú leis an gcéad bhliain. Ba mhór an gríosú,spreagadh dá mbeadh pointí breise mar luach saothair agus aitheantas don scoláire a gheobhadh marcanna árda san Árdteist agus bheadh caighdeán B,ar a laghad riachtanach le haghaidh múinteoireachta. Sin iad mo mholtaí maidir le caomhnú na Gaeilge mar ábhar speisialta agus creidim go mbeadh struchtúr agus spiorad i bhfad níos dáiríre agus níos bríomhaire ag gabháil le hoiliúint na Teangan agus daltaí oillte i slí éifeachtach,gan aon bhrú curtha orthu.

Mol an Óige agus tiocfaidh sí… Meall mic-leinn na gaeilge agus oibreoidh siad…

Mise le meas

Eilís Uí Bhriain

Ol-toghchan Feabhra 2011
Duirt polaiteoir  liom  go  ndúirt  polaitóir leis/ leí…

Sin saghas cainte atá ar siúl i nDáil Éireann agus ar fúd na tíre i láthair na huaire agus gan faic eile á dhéanamh faoi staid na tíre ach comhiirleoir/ polaiteoir amháin ag cur milleán ar an duine eile agus sinn ag éisteacht leo! Chuala mé Aire Fhine Ghael a rá aréir (ar an gClár chunspóideach sin “Vincent Browne”) nach raibh focal a rá ag an Taoiseach faoi droch-staid na tíre agus dí-fhostaíocht chomh forleathan sin i ngach treo. Conas is feidir leis focal a rá faoi haon rud ar bith,an duine bocht, mar gach aon lá tá ball éigin den Fhreasúra ag cur ‘peaca’ eile ina choinne agus ag lorg freagra sciobtha agus tosaíonn ruaille buaille nua mar phríomh-ábhar i gClár polaitíochta an Lae Nua. Tá sé greannmhar anois bheith ag féachaint ar Siobhán Burton ón Lucht Oibre,ag ráiméis gan stad,gan ciall ar bith lena hargóintí,faoi ghach rud atá mi-cheart,mímhacánta,mí-ionraic, coiriúil ag Páirtí FF agus gan polasaí beacht,indéanta,réasúnta ag teacht oná beal ná béal éinne eile den Fhreasíúra ach oiread. Táimíd dóthanach de bheith ag éisteacht leis na cláracha ag Miriam álainn, Vincent cantalach agus Pat Kenny dathúil,scéaltach gan trácht ar Seosamh Duffy atá ag iarraidh gach fadhb Tíre a réiteach agus da gcuirfeadh sé a bhundún dearg amach, mar adéarfá, ní dhéanfadh sé puinn difríochta maidir le bochtanas agus droch-staid na tíre. Ni nach ionadh go bhfuil ísle-bhrí ag goilliúint ar an gcine daonna go hiomlán mar níl faic ar bith eile ar na Nuachtáin, Teilifís agus Radio ach olagón leanúnach go bhfuil Lá an Bhrátha buailte linn agus caithimíd milleán a chur ar dhuine nó aicme éigin. caithimíd go léir bheith ciallmhar,réasúnta agus bheith ag iarraidh eirí as mar táimíd go léir beagáinín cionntach ag baint taithneamh as an dTiogar Cheilteach, nach ea? Is maith an rud é go bhfuilimíd ar an ghann-chuid ar feadh tamaill agus beidh meas níós mó againn ar bheannachtaí simplí an tSaoil seo-ár ngairdín torthúil féin ar chúl an tí mar shampla,béile simplí sa chistin chompórdach le chéile sa bhaile agus iontaisí eile den tsaghas sin, a bhí dearmadtha glan againn i ndáiríre. Sea caithfidh mé dul i dteagmháil le Siobhán Burton faoi sin agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé miongháire beag ar a haghaidh atá cráite,rinn-cholgach agus í ag deanamh macnamh inmheáite go deo ar dhorchadas agus scriosadh an Domhain seo….. Sea sin smaoineamh dearfach,cad a cheapann sibh?!!!

Tráth na gCeist
Clár le haghaidh ‘Seactaine na Gaeilge 2011′

Beannachtaí na Nollag
Beidh beannachtaí na Nollag ag teacht tiubh te as seo amach sa Phost chugainn agus is breá sin in atmasfaer na Nollag. Is ag am mar seo a chloisimíd ónár gcáirde atá fada fánach uainn thar lear agus cuireann sé eirí-chroí ionainn gur smaoinigh siad cárta gleoite na Nollag a sheoladh inár dtreo in éineacht le nuacht clainne agus eachtraí na bliana atá tar éis druidim thart. Tugaim faoi ndeara go bhfui a lán cártaí Nollag as Gaeilge ins na siopaí anois, cuid acu dhá-theangach agus mar a deirim go minic… is deas an fuaim agus an binneas a ghabhann le beannachtaí na Gaeilge. Fuair mé ceann álainn anuraidh leis an nguí …”Go líontar do chroí le háthas na Nollag”. Líonfadh na focail sin do chroí le muinín, meas agus dea-mhéin na Nollag gan dabht ar bith.

Tá cártaí deasa curtha i gcló ag ‘Gaeilgeoirí Cois-Laoi’ leis an tsean-chló agus pictiuirí ‘Seandún’ ,Soilse Nollag ar Sráid Phádraig agus Ard-Eaglais Barra Naofa agus ní haon bhréag a rá ach go bhfuil siad go hálainn ar fad. Beidh siad á dhíol i gcúpla shiopa áitiula agus go háirithe i gCathair Chorcaí- is rud beag é chun Gaeilge a chur ar aghaidh agus í mhealladh isteach i gCeiliuradh na Nollag freisin. Beidh Cóisir na Nollag sr siúl ag an nGrúpa seo ar 12ú Nollaig in Óstán Vienna Woods agus fáilte roimh gach éinne-má tá ticéidí ó héinne cuir scéal chugam féin- bíonn oíche an-taithneamhach againn gach aon bhliain agus a lán scéalaíocht, ceol agus rince Gaelach tar éis dinnéir bhlasta agus Crannchur mór, galánta. Táimíd ag súil go mór leis an oiche chéanna agus tá súil agam go mbeidh an aimsir tar éis bogadh beagáinín i gceann seachtain nó dhó

Ar scáth a chéile a mhairimídne agus is deas, cáirdiúil an comhluadar atá i measc an ghrúpa bríomhar seo “Gaeilgeoirí Cois-Laoi” atá ag baint taithneamh thar bharr as teacht le chéile san Óstán Clarion gachra Luan, fáilte roimh cách….