Mí na Gaeilge 2019:

Is deas an scéal a chualamar an tseachtain seo go bhfuil Rúiseach, DR. Victor Bayad tofa mar ghaeilgeoir oillte líofa agus post faighte aige mar Oifigeach forbartha i nGaeltacht Uibh Ráthaigh ,Ciarraí Theas. Chonaic mé cúpla agallamh a dhéan sé ar chláracha éagsúla,agus is léir go bhfuil sé dírithe ar chaint ‘s cómhrá a mhealladh agus é ag dul i mbun oibre agus ag déileáil le cúrsaí an lae, go rialta. Bhí sé mar aoi speisialta ar chlár RTÉ agus ag caint le beirt láirtheoir, a rugadh i gceantar Gaeltachta, chuir cé ionadh air agus cheistigh sé cén fáth nach bhfuil roinnt Gaeilge á chur i láthair ar an gclár sin agus cláracha eile mar iad. Go n-eirí lena iarrachtaí ar aon chuma.
Táimíd ag eagrú Ciorcal na gCiorcal in Óstán Grand, Fermoy ar 7ú Márta 7.30pm agus ag síneadh amach fáilte Uí Laoghaire chuig gach éinne, bíodh Gaeilge acu nó ná fuil.Tá súil agam go mbeidh dream cuíosach maith againn in onóir do Sheachtain (Mí) na Gaeilge.
Beidh Gaeilgeoirí Cois Laoi ag ceiliuradh 10 mbliana ar an bhfód mar chiorcal chómhrá agus cheoil in Óstán Clarion Clayton ,Corcaigh ar an Luan 25ú Márta. Is ócáid mhór, fíor-thabhachtach é seo mar is annamh a leanann grúpaí le chéile chomh láidir agus chomh sóisialta le muintir an chiorcail seo agus go maire siad i bhfad mar sin.Tá fáilte is fiche roimh ghach éinne chun bualadh isteach inár dteannta ag ceiliuradh ar son na Gaeilge… Ní neart go cur le chéile. ú

This entry was posted in Imeachtaí, Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>