Oíche Chultúir:

Bhí ócaid séisiúil againn san Óstán Clarion Clayton ar 19ú Mean Fhomhair. Labhair Padraig Gunn ,staraí na cathrach faoin stair a bhain le háiteanna mar An Mheal Theas, Sráid Na Bearaice agus Sráid An Chapaill Bhuí (Grand Parade). Bhí sean-phictiúirí á thaispeaint faoi chonas mar a bhí an saol sna háiteanna sin na blianta siar agus léacht ana mhaith ab ea sin don lucht éisteachta.
Bhí an staraí, ceoltóir Ruaidhrí Ó Donnabháin ag caint faoi stair an cheantair sin, Gort Alainn, (Mayfield) agus Bóthar Eochaille, Linn Dubh agus a lán aiteanna eile i dtuaisceart na Cathrach; na logainainmneacha á leiriú go cruinn agus griangrafanna ag dul le gach aon cheann. Táimíd ag súil le oíche speisialta a chur ar siúl chun deis a thabhairt don phobal i gcoitinne bheith ábalta éisteacht leis an mbeirt aoi-chainteoir seo atá oillte go hárd ar stair na Cathrach.

This entry was posted in Imeachtaí, Stair...(Local history). Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>