Ar bhóithrín na smaointe is minic dom siar
Ar laetha geal m’óige cois Laoi
Nuair dob’ eol dom’ chaoin-spiorad gach áthas geal binn
Sar ar léir dom claon-bhearta an tSaoil;
Nuair dob aeraí mo chroí ná na leoithne bhog gaoith
Fan an Mháirdíog tráthnóna breá buí
Mar a dtéimís ag spraoi is ag spórtaíocht sealaí
Ar bhruacha glas áille na Laoi

