Category Archives: Uncategorized

Ócáid speisialta Bhealtaine 2019… “An Heilió Mór”

Rud urnua a tharla an bhliain nuair a mhol An tAire Ring don phobal, ócáidí gaelacha a chur ar siúl oíche speisialta chun daoine a bhailiú le chéile le haghaidh chómhrá, ceol agus cupán tae. D’eagraíomar ócáid in Óstán Clarion agus labhair aoi speisialta Ciarán ón Roinn Bhéaloidis faoi shean-charactéirí ó Chathair Chorcaí. Sheinn sé scéalta a bhí taifeadta aige agus bhí guthanna na seandaoine seo le cloisteáil. Gheallamar go mbeadh oíche mar seo againn go luath arís. Eilís

Leave a comment

An Cat uasal(Alt don Avondhu Press 24ú D.Fr 2019)

Cloisim an seanfhocal sin go minic ag caitheamh anuas ar an gcat uasal agus miniú ina lár nach bhfuil grá nó meas ag an gcat bocht ar éinne ,seachas é/í féin…. “Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán”. Bhuel anois tá trua agam don ainmhí céanna atá cráite ag éisteacht leis an gcaint droch-mheastúil sin siar na blianta. Cuir sin i gcomparáid le meas agus scéalta faoi bhuanna phearsanta an mhadra uasail…”Cara buan go deo duit do mhadra dhílis”. Bhí alt ana dheas ag Risteárd Ó Coileán ar an Examiner ar an Luan leis an gceannlíne, “Cinnte, faoi dheireadh, go bhfuil báidh speisialta idir an cat agus an duine” D’árdaigh an ráiteas sin mo chroí agus croíthe na gCat ar fúd na tíre, tá súil agam. Dhean saineólaí bitheolaíochta (biology) in Ollscoil Oregon US, dian stáidéar ar shaol agus nádúr an chait; bhí sí ag faire ar an bpeata phiscín sínte sa chathaoir sona sásta agus conas mar a mhothaigh sé nuair a d’imigh bean a’ tí as radharc. Ní raibh sé ar a chompóird go dtí gur tháinig sí thar nais agus ansin thosnaigh an crónán agus eireaball in áirde le háthas. Bhuel, cruthaíonn sin go raibh … Continue reading

Leave a comment

Dr. Eoghan Ó hAogáin mar aoi speisialta:

Bhí Dr. Eugene Egan ag caint le Gaeilgeoirí Cois Laoi coicís o shin (Aibreán 2016) agus cuireadh fáilte is fiche roimhe san Óstán Clarion. Bhí slua mór i láthair ag éisteacht le hEoin ag cainta faoina shaol agus obair chruaidh,ach fíor-shuimiúil, i dtíortha i gcéin. Chaith sé a lán dá shaol mar dhochtúir in Ethiopia agus áiteanna éagsúla ar fúd na hAifrice agus dhean sé cur-síos ana spéisiúil ar na heachtraí éagsula a tharla dó ag iarraidh cabhrú le daoine ana bhreoite agus an dáinsear a bhain lena shlí bheatha ó am go ham. Bhí Eoghan an-tógtha leis an gciorcal seo agus go raibh a leithéid le fáil ann go rialta! Buailfidh sé isteach orainn anois is aris nuair atá sos aige ó bheith ag taisteal ó Chontae go Contae ag obair go dian fós.

Leave a comment

Seachtain (coícís) Na Gaeilge 2016:

Gaeilgeoirí Cois laoi: Bhí an-oíche scealaíochta ,saghas Slántóiri (Toastmasters) againn san Óstán Clarion, Corcaigh 14ú Márta agus bhuail a lán daoine isteach chun éisteacht leis na cainteoirí a bhí fíor-shuimiúil agus greannmhar. Beidh aoi-cainteoir ana spéisiúil againn ag deireadh Aibreáin agus cuirfidh mé sonrai faoi sin chugaibh go luath.

Leave a comment

Ath-bhliain shona 2014

Tá an Ciorcal sa Clarion ag dul ar aghaidh go breá sonasach agus ag tosnú thar nais Eanair 6ú 2014

Leave a comment

Corcaigh abú do Chorn 2013!

Tá Brian Ó Murchú ó na Fánaithe Bríde ar ais- comhartha maith é sin dos na Rebels agus dúthlán do Dhaithí! An bhfuil a ghualann láidir go leor dos na ‘Rebels ón Burren’? Molaim Davy i ndáiríre agus is carachtaer iontach greannmhar é ach is Corcaigh atá i gceist agus job le déanamh! Tá súil agam gombeimíd ar an Luan seo chughainn “Mar a dtéimís ag spraoi is ag spórtaíocht sealaí Ab bhruacha glas áille na Laoi…” Last line of ‘The Banks’

Leave a comment

Rebels abú!

Dúirt duine ón luch féachana inné (11/8/2012) ar al Lá Cinniuna do hIomanaithe Chorcaí i bPáirc AN Chrócaigh-an cluiche luas lasrach idir BÁC agus na Rebels ” Ara chuala mé go raibh ‘cramps’ ag na himreoirí i ag deireadh an chluiche… Cem ‘ere boy! The whole of Da Hogan Stand had cramps but it eased a small bit after Horgy’s goal!”

Leave a comment

Féile Filíochta (Fermoy)

Tá Gabriel Rosenstock mar aoi speisialta ag an bhFéile seo ag tosnú ar an Deardaoin (1ú Lunasa ’13) Seo dán iontach amháin ó chnuasach filíochta Gabriel darbh ainm “Television” Ar a chúig a chlog ar maidin Theastaigh an Teilifís uaithi. An féidir argóint le beainín Dhá bhliain go leoth? …Stánamar le hiontas ar scaileán bán. Anois! sásta? Ach chonaic sise sneachta Is síofraí tríd an sneachta Is ulchabhán Artach ag faoileáil Ós a chionn.”

Leave a comment

Corcaigh abú!

Nach raibh an ceart agam? Ag smaoineamh gurbh iad na Rebels a chuirfeadh KK san Dara áit! An-áthas orm go bhfuair Padraig Horgan a chearta agus gut thuill sé luach saothair rathúil ar an Domhnach 28ú Iúil 2013 i gcoinne Chille Choinnigh… Tá súil agam nach stopfaidh Annraoi Shefflin ar an nóta diultach seo agus go mbeidh sé ar ais 2014 mar laoch amach is amach é

1 Comment

Turas staire!

Beidh an Stairí,Padraig Gunn, ag tabhairt léacht in Charlesfort,Cionn tSáile ar an Satharn 27ú Iúil 2013 ag 3pm agus fáilte roimh cách. Beidh béile ag an nGrúpa,a d’eagraigh an ócáid, ‘Gaeilgeoirí Cois Laoi’ agus oíche Cheoil ina dhiaidh

1 Comment