Stríoca de réaltaí reatha sa spéar!

An rud is annamh is iontach!
Bhí mé ag tiomáint liom fhéin ar mo sháimhín shó i gCaisleán Uí Liatháin ar an Luan seo caite (28ú D.Fr) agus i bpreab na súile las an spéar go léir timpeall orm agus scaip stríoca de réalt reatha glas ar fuaid na spéire agus chonaic mé fís mar liathróid glas solais ag réabadh thart agus gob dearg ag tús na liathróide. Dúirt mo mhac go m’fheidir gur mhórthaispeántas tinte ealaíne (fireworks) do sheasúr na Samhna a bhí ann agus ghlac mé leis sin ambaist, bhí imní orm ar dtúis mar cheap mé gurbh radharc neamhghnáthach é, gan dabht. Bhí an ceart agam mar chonaic mé ar nuachtán an la dár gcionn, gurbh é stríoca de réaltaí reatha a bhí ag gabháil thart! D’admhaigh Astronomy Ireland gurbh é sin a tharla timpeall 7pm agus bhí ceann eile 10.50 agus bhí daoine fiosrach faoi chonas mar a tharlaíonn sin; de réir a thuairisce, go bhfuil píosa de charraig tré thine ós árd ar imeall an atmaisféir thuas uainn, nach bhfuil ach chomh mór le gráinne gainimh (grain of sand) agus leanann sé ar lasadh ar feadh soicind. Ba léir go bhfaca a lán daoine an liathróid solais in árd na spéire agus gan dabht bhí pictiúirí ‘Dashcam’ seolta isteach chuig Astromony Ireland. Bhí díomá orm go rabh mé ag tiomáint ag an am mar bheadh griangraf deas geal agam chun é a chur leis an alt beag seo don Avondhu! Ní féidir bheith ag ithe mine is ag feadaíl!!

This entry was posted in Nuacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>