Tine bhreá gheal na Nollag

Is í an tine ceartlár an tseomra suite i ngach teach agus sin mar a bhí ar dtúis,mar atá fós agus mar a bheidh… le saol le saol. Is cuimhin liom nuair nach raibh ach tine móna againn sa bhaile in iarthar Chorcaí agus an bárr-fhód ón bPortach mar ábhar tine agus cipíní ós na sceacha chun tús a chur leis. Bhí sé de nós ag páistí ag an am sin dul amach ag bailiú na gcipíní-ní raibh aon ‘bloc-tine’ áisiúil ó Bhórd na Móna againn ambaist! Ghlan Daid an simléar le tor ard chuilinn chun bheith réidh do Santy agus againne a bhí an ‘cip-ó-do-reel’ maidin Nollag ag cuardach na stocaí olainn,a bhí croctha cois tine go néata do Santy uasal.
Is ag an dtine sin a bhíomar abalta ‘fás aon-oíche’ (mushrooms) a róstadh agus blúirín “drinagh butter” ina lár-b’iad san a bhí fíor-bhlasta mar bhí siad go breá úr ó bharr an chnoic le drúcht na maidine. Bhí fhios ag Daid faoi na háiteanna a bhíodh na plandaí sláintiúla seo ag fás agus ar aghaidh linn cosnochta uaireannta, chun iad a bhailiú.Nuair a bhí an tine dearg-te ar siúl bhíomar abalta arán a thóstáil freisin ach an forc a shá ina lár agus é a leagadh ar an dtlú iarainn(fire-tongs) ós comhair an ghríosaigh. Nach againne a bhí an t-ádh a Thiarna agus lathairt den im saibhir ar a bharr!?
Bhuel b’shin iad na sean-laethanta a cháirde agus fianaise gurbh í an Tine Móna croí na Cistine maidir le rostadh an Turcaí don Nollaig agus cupán tae ón tae-phota ‘Cré-earraí’ suite ar an ngríosach …
Nollaig shona meidhreach do ghach éinne agus go mbeirimid beo….
Eilis

This entry was posted in Cúpla Focal. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>