Tomás Kent, Castlelyons

Bhí ócáid stairiúil againn i gCaisleán Uí Liathain ar an Aoine seo caite (18ú Meán Fomhair 2015) nuair a tharla Socraid Stáit i Reilig an tSeipeíl ‘San Nioclás’ agus tharla ath-adhlacadh Thomáis Ceannt ann. Tháinig maithe agus Mór-uaisle chuig ár sráidbhaile abhí maisithe agus ag féachaint go fíor-álainn; ár moladh don phobal áitiúil agus mórthimpeall,a chuir a lán oibre isteach le cúpla mhí anuas. Bhi láthair prípmháideach ós comhair an tSeipéil don Uachtará Micheál Ó hUigín, Taoiseach,Enda Kenny ,Siobhán Burton, Diarmuid Adams, Micheál Ó Máirtín, Brian Cowen agus a lán lán eile,

Thosaigh an tAifreann 1.30pm leis An tEaspog Crean agus sagairt eile ina theannta agus bhí óráid cois Reilige ag Enda Kenny ina dhiaidh agus bhí beirt neacht le Tomás Kent i láthair taobh leis.

Labhair Eilís Uí Bhriain “Cúpla focal” le Tomás Ó Mainín TG4 do Nuacht na hOíche faoin ócáid mórthaibhseach, stairiúil seo.

Aithchuimire faoin Ionsaí Stairiúil:

Bhí Tomás Ceannt mar bhall de Óglaigh na hÉireann agus a dhearthaireacha freisin agus daoradh chun bháis é Bealtaine 1916 de bharr Ionsaí a dhéan saighdiúirí RIC ar theach Cheannt i lár na hoíche 2ú Bealtaine. Maraíodh Constábla Rowe R.I.C agus goineadh Riocáird Ceannt, a fuair bás cúpla lá ina dhiaidh. Fuair Tomás bás i mBairice Uí Choileáin, Corcaigh agus bhí a chorp curtha ann; Cúis bhróin dá chlann agus dá chomrádaithe sin agus ar deireadh thiar thall tugadh Tomás abhaile dá mhuinntir agus é curtha ina fhód dhúchais

This entry was posted in Nuacht, Stair...(Local history). Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>